Tacaíonn sé le huirlisí a bhriseann slabhraí na cinsireachta agus an fhaireachais. Tabhair síntiús don tionscadal Tor inniu.
Tá pobal Tor comhdhéanta de gach cineál ranníocóirí. Scríobhann roinnt daoine doiciméadú agus tuairiscí ar fhabhtanna, agus eagraíonn daoine eile imeachtaí Tor agus déanann siad for-rochtain. Cibé an bhfuil go leor ama agat chun obair dheonach a dhéanamh nó beagán, agus cibé an measann tú go bhfuil tú teicniúil nó nach bhfuil, ba mhaith linn go mbeifeá inár bpobal féin freisin. Anseo thíos, gheobhaidh tú roinnt bealaí éagsúla chun obair dheonach a dhéanamh le pobal Tor chomh maith le hacmhainní chun cabhrú níos fearr leat cabhrú le Tor.
An múineann tú do phobal faoi Tor a úsáid? Tá na hacmhainní seo ar do shon.
Tabhair ábhair Tor chuig do chéad imeacht pobail eile.
Cuidíonn seirbhísí oinniúin leat féin agus le d’úsáideoirí an fhaireachas agus an chinsireacht a shárú. Faigh amach conas is féidir leat Seirbhísí Oinniún a imscaradh.
Ba mhaith linn go n-oibreodh Tor do gach duine ar domhan, rud a chiallaíonn go gcaithfear ár mbogearraí a aistriú isteach i roinnt mhaith teangacha.
Tá meas againn ar phríobháideachas ár n-úsáideoirí nuair a dhéanaimid taighde.
Is iad athsheachadáin cnámh droma líonra Tor. Cabhraigh le Tor a dhéanamh níos láidre agus níos tapúla trí athsheachadán a rith inniu.
Tá Tionscadal Tor tiomanta do thimpeallacht agus do phobal cuimsitheach a chothú. Is áit é Tor inar chóir go mothaíonn daoine sábháilte chun dul i ngleic, a ndearcadh a roinnt, agus a bheith rannpháirteach. Léigh ár Cód Iompair, Conradh Sóisialta, Ráiteas Luachanna, agus foghlaim faoi Chomhairle Pobail Tor.